School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 286
- XML “Carraig a Chaoineadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall leath shligh idir seo agus Beanntraighe ar thaobh do láimhe clé agus tú ag dul go Beanntraighe chídhfea carraig árd mhaol i ngiorracht fiche slat den bhóthar. Sé an ainm tá ar an gcarraig sin na "Carraig a Caoineadh". Seo mar a baisteadh an ainm sin uirthe ar dtús.
Sa droch shaoghal bhí dream Sasanach curtha fútha i gCaisleán Rinn an Dísirt agus dream eile i gCaisleán Faoide. Bhí croch curta anáirde acu ar aghaidh dorais gach caisleán acu. Is féidir radharc d'fhaghail ar an dá ait ón gcarraig sin "Carraig na Caoine". Aon Ghaedhal bocht a dheinfad aon rud a cuirfeadh fearg ar na Sasanaig do bheurfaí air agus cuirfí isteach i bpriosún an caisleáin an oidhche sin é. Ar maidin go moch do crochfaí é taobh amuigh den dorus. Ba mhaith le gaolta an fhir radharc deireannach d'fhaghail air, acht aoinne a thiocfad nios giorra do aon áit acu ná an charraig sin do crochfaí é. Mar sin do bailigheadh gaolta an fhir ar an gcarraig sin agus do chaoinidís go fuidheach é. Sin mar a fuair sí an ainm sin.- Informant
- Tadhg Ua Bhriain
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Coorycommane, Co. Cork