School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 290
- XML “Eoghainín na hÉireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do thagadh chun na háite seo is dócha go bhfuil sé ceithre fichead bliadhan ó shoin fear siubhail darb bainm do Eoghainín na hÉireann. Bhí easnamh éigin ar aigne an fhir bhoicht acht bhí sé gasta go maith i slightibh. Do chreideadh daoine go dteigheadh sé go ceithre hárda na hÉireann ag imirt liathróid coise agus iománuoichta leis na daoine maithe. Daoine boga símplí a beadh muintir na háite seo an uair seo agus chreididís a gcloisidís.
Gheibheadh Eogainín loisdín i ngach tig ar a niarradh sé é ar a shon go mbíodh sé in aonacht leis na daoine maithe. Ní raibh fear óg ná cailín óg a bhí imighthe le bliadhanta na go raibh cuntas cruinn ag Eoghan orta.
Oidhche dá raibh sé i dtig timcheall an bhaill seo tháinig bean des na comharsanaibh isteach agus d'fhiafhraig sí de Eoghan a raibh tuairisg ón saoghal eile aige. Dubhairt seisean go raibh. "Mhuise" arsan bhean conus tá Donnchadh Ruadh?" "Creid mé" arsa Eoghan gurab é tá go leathan láidir." "Agus conus tá Donnchadh Garbh?" ar sise. "Creid mé leat arsa Eoghan gurab é an t'iomanaidhe is fearr tá na measg acht go bhfoirid Dia orainn ná fuil pinginn na phóca aige. Dubhairt gach aoinne bhí istig gur mór an truagh Donnchadh a fheiscint gan scilling. In ainm Dé arsa Eoghainín beidh siad ag imirt báire ist oidhche amáireach shios i bPortláirge agus dubharthas liomsa cnuasach eigin airgid a bhailiú dhóibh. Tug furmhor bhí istig aon leath-pinginn a bhí(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ua hÚrdail
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Mill Big, Co. Cork