School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 298

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 298

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 298
  3. XML “Na Daoine Maithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is dócha go bhfuil sé deich mbliadhna is trí fichid ó chuaidh fear áirighthe ó Bheal Átha an Ghaortaidh sios go Baile an Mhístealaigh ag cabóguoicht. Bhí sé féin agus cúigear eile ag baint prátaí d'fheirmeoír ansann. Stadaidís go moch gach Satharn.
    Tráthnóna an ceud Sathairn dá raibh an fear so ann chuaidh sé ag siubhal chun an tír mor thimcheall d'fheiscint. Nior bhfada a bhí sé imtighthe nuair bhí sé ag gabhail thar tig cinn tuighe ar thaobh an bhóthair. Díreach agus é ag gabhail thar braghaid tháinig fear go raibh bríste gearr glún air amach an doras agus bheannaig sé leis an strannsear mar seo "Cead fáilte rómhat a Sheumais Uí hEithern ó Bheal Atha an Ghaoraidh, tar isteach agus suidh tamall agus beimíd ag caint." "Mhuise" arsa Seumas "ní thuigim conus tá aithne agat orm mar nílím annso acht seachtain agus níl aithne agamsa ar aoinne timcheall na háite seo." "Tá aithne maith agamsa ortsa agus ar formor na ndaoine timcheall Beal Atha an Ghaorthaidh tar isteach agus tabharfad fios fath mo scéil duit. Chuadar isteach agus d'innis sé an sceul so.
    "Ar dtúis" ar seisean "ná cuireadh an sceul atá agam le hinnsint duit aon chorbuaic ort acht creid mé gur firinne ghlan gach aon fhocal de. Binnse tamall in éinfeacht leis na daoine maithe. Dfhágamair an ball so beagán maith blianta ó shoin ag lorg mná chun í a thabhairt do'n lios san thall. Chuamair ar dtúis go Ros Buidhe áit ar an dtaobh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Gender
    Male
    Age
    100
    Address
    Snave, Co. Cork