School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 302
- XML “Sprid Céim a Diubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhí cúigear mac agus aon inghean amháin aige. An duine ab óige ní dheunfadh sé aon nídh dá athair ach rud éigin i gcoinnibh a tholla. Pé áit a sholáthruig an tathair an tairgead do thug sé pasáiste go Ameirica go dtí an mac sho agus dubhairt leis bheith ag bhailiú leis agus gan teacht na radharc go bráth arís. Seo chun bóthair leis acht maseadh nuair shrois sé Corcaig do thaithn an chathair comh haoibhinn leis gur fhan sé ann go dtí ná raibh leath phinginn na phóca aige. Ní raibh le deunamh aige annsan ach filleadh abhaile arís. Bhí órdóga a chos amuich tríd na bhrógaibh aige sar a raibh leath na sligh curta dhe aige.
Ar filleadh abhaile don athair agus dos na mic eile ón bpáirc tráthnóna áirigthe cé bhí istig sa chuinne rómpa, agus é do droch ghrothanntach, ach mo bhuchaill. "A Dhia Mhóir", arsan tathair "feuch mar a bhfuil an bitheamhnach agus mise lán ceapaithe go raibh se thall in America le fada."
Ar maidin amáireach bhailig an sean-duine seana-rámhaintí agus grafáin agus giuirléidí eile iarainn a tháinig fé na láimh agus chuir isteach i mála mor iad agus dubhairt leis an mbioranach óg iad a bhreith go dtí an cheardchain leis. Dubhairt sé iadh fhaghail léasaighthe ansann agus gan teacht abhaile go dtí go mbeidís go léir aige agus bheith deimhnighteach teacht abhaile an oidhche sin. Bhí fhios ag an athair go gcaithfeadh se gabhail tré Céim a' Duibh ar a shligh abhaile agus bhí fhios aige leis go gcasfadh an sprid air ansúdh. Bhí an sprid seo i bhfuirm mná agus bhí(continues on next page)- Informant
- Diarmuid Ua Caochlaí
- Gender
- Male
- Age
- 100
- Address
- Snave, Co. Cork