School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 304

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 304
  3. XML “Sprid Céim a Diubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sí ana bhuidheach de mar go raibh sí saortha ó phurgadóireacht aige agus gurb é an fear do bfhearr a bhuail roimpi é. Geall sí ansann go raghad sí abhaile leis agus go gcúiteóchadh sí go maith é as an méid a bhí deunta aige dhí.
    Ar shroisint an tighe dóibh do bhuail an buachaill ag an ndoras. Deirig a dhreifiúr agus nuair d'fheuch sí amach agus nuair chonnaic sí cad a bhí amuigh do thuit sí na cnap na luige. Do bhuail sé ar an doras arís agus deirig a máthair acht nuair thug sí súil feuchaint amach do thuit na cnap anuas ar a hinghín. Do chaith sé fein ansann an doras a thógaint de na thuislibh agus dul isteach. Ba ghairid go dtáinig an bheirt istigh chúcha fein. Bhí prátaí róstaithe i gcorcán i naice na teine. Fuair an buachaill galun stáin, do lion le bainne é agus théig sé ar an dteinne é. Bhí sé ag tathaint ansann ar an mhnaoi suipéar a thógaint na theannta acht bhí sí cómh ceann dána cómh stuama agus bhí bean riamh agus nior beag san, ní iosfadh sí biadh no ní bhlaisfeadh sí deoch uaidh.
    Nuair bhí doithín ithte agus ólta aige sin dubhairt an bhean leis teacht amach go gáirdín an chabáiste in aoinfeacht leí agus gheall sí dho go dtabharfadh an oiread saidbhris do a sheasóchadh é fein agus a dhaoine mhuinteardha an dá lá saoghal as a mhairidís. Amuigh sa gháirdín dóibh do threóraig sí go áit airighthte é agus dubhairt leis romhar ansan le ramhain. Do dhein sé rud uirte agus nuair chuaidh sé tréimhse i ndoimhneas sa talamh do bhuail cloch roim an ramhain. Dubhairt sí leis romhar timcheall na cloiche sin. Nuair a ghlan sé an cré den chloich chuir sé an ramhain timcheall cúinne dhí. Ní túisge a dhein na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Gender
    Male
    Age
    100
    Address
    Snave, Co. Cork