School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 311
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán
“Maidin aoibhinn fhaghmhair is mé ag gábhail an bóthair sios”
Maidin aoibhinn Fhoghmhair is mé ag gábhail an bóthair sios
Do dhercas fein an smólach agus í ar chraoibh im thaoibh
Do bheurfainnse duit comhairle (ar sí) dá dtógfas-sa uaim í
Leogfa feasta dod' ólsa agus gheóbhair cead bó le mnaoi.As nách mor an náire d'óigfhear bheith tugta d'ól mar taoi,
Do chosa tá gan bróga le tuille mor is mí,
Níl aon bheann ag cailín óg ort na aoinne dod chómhghas gaoil
Is ní cuideachta ceart dóibh tú ar aonach mor an rí.Stadassa ar feadh neómait is síleas deór dá druim,
Do cheapas gur bí Flóra í no an Báb do sheól dliste le Maois,
No Helen cliste an óigbhean do bhuaidh catha mor na Traoi
Ní ghlaodhfad cainncín Nóra is ní raghad le scór na dighe.Nuair a chualaidh bean an óil í is dubhach dubhrónach mar do bhí
Ná cuirse aon suim sa smólaig faid a sheinfidh sí a nóta ar chraoíbh
Meall an caílín óg leat go tig an óil anso arís,
Tabhair di puins a dóthain is gheobhaidh tú póg 'a dhruim.Nuair ghabhaimse arís an bóthar seadh gheibhim an stól chun suidhe,
No gloiní glana ar neómat agus ceig is beóir lem' thaoibh
Cuideachta chun óil agus gan dabht an Landlady
Is nuair a phiocfaidh sí mo phóca ar chúl na móna ansan a bhím.- Informant
- Diarmuid Ua Caochlaí
- Gender
- Male
- Age
- 100
- Address
- Snave, Co. Cork