School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 317
- XML “Sean-Nósanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó nuair a gheibheadh duine bás thugadh muintear an duine mhairbh pagh do duine eigin, seana-bhean de gnath chun caoineadh a dheunamh sa tsochraid ó'n dtig go dtí an roilig.Deirtí nár cheart uaig a oscailt Dia Luain. Dá bhrigh sin nuair a bheadh duine le cur Dia Luain, chaithfeadh duine eigin dul go dtí an roilig Dia Domhnaig agus fód a bhaint de'n uaig.Nuair a bheadh corp ag dul go dtí an roilig i dtrucaill deirtí gur bean ba cheart a bheith sa trucaill in aonacht leis an gcorp.An bheirt a bheadh a deunamh na huagha nior cheart d'aoinne acu a beith na cómh sloinne leis an duine marbh.Dá gcasfaí sochraid ar dhuine ar an mbóthar do chasadh sé agus siubhladh sé 9 gcoiscéim leis an sluagh.Na cathaoireacha ar a luigheadh an chomhra tar éis í thógaint as an dtig, ba cheart iad a iompó as a gcosa anáirde acu agus iad a fhágaint mar sin go dtí go dtagadh muinntir an tighe abhaile tar eis na sochraide.