School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 322

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 322

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 322
  3. XML “Bailiú na nDeachúna - Bás Dhomhnaill Buí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Corraidheacht is ceud blian ó shoin do mhair i [?]mbotháin shuarach ar chliathán an chnuic shiar ansann trúir dearbhratharacha. Ní raibh aon teóra le na neart cé gur caol a gcuid go minic. Lá dá raibh beirt acu ar an dtráig ag bailiú duirn [?] bhí an duine ba shine, Domhnall Buidhe a tugtaí air, ag tabhairt aire don tig. Tráth éigin sa ló cia bhuailfeadh chun an tighe acht beirt prochtóirí an ministéara ag bailiughadh deachuighthe. Dubhairt Domhnall na fuighidís oiread agus punann uaidh [?]féin agus dubhradar san do dána go gcaithfidís é fhaghail nó go gcuirfí amach ar thaobh an bhóthair é. D'eirig an argóint eadarta agus bé deire an scéil gur bhris ar fhoidne Dhomhnaill Bhuidhe agus gur thug sé bataráil maith dóibh. Thugadar na cosa uaidh acht ní mó ná san agus chuaidh an ráfla amach láithreach go bhfuair duine acu bhás an oidce sin de thoradh an batarála a fuair sé.
    Seachtain ón lá san roim eirighe na gréine do cuireadh doras an bhotháin isteach ar an úrlár agus sar a raibh d'uain ag an dtrúir istig eirighe bhí is docha fiche saighdiúr timcheall orta. Ní raibh aon nidhe ag na driotháireacha le na gcosaineóchaidh iad fein agus fuaireadar droch úsaid i dtreó go rabhadar cómh lag traochta tar éis tamaill go raibh i gcumas na saighdiúirí iad a cheangailt. Tugadh go Droichead na Bandann iad ós cóir cúirte a bhí ann agus daoradh Domhnall chum báis. Leogadh an bheirt eile saor. Crochadh Domhnall. Breitheamh a bhí i mBaile Átha an Fhinín a dhaor chum báis é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Gender
    Male
    Age
    100
    Address
    Snave, Co. Cork