Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Knockskagh, Co. Cork
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do rugadh Mícheál i ndeire an ochthmhadh aois deag i mBaile Radhairí ar an dtaobh thuaidh de Léim Uí Donnabháin i gCondae Chorcaighe. Cormac Chonchubhair a b'ainm dá athair agus de Mhuinntir Iarflatha ó Mheall an tSrotháin i bparóiste na Léíme do beadh a mháthair. Bhí filidheacht i muinntir Iarflatha le sinnsearacht agus is uatha rith féith na ndán go Mícheál Ní raibh athair Michíl ró ghustalach agus briseadh amach é nuair a bhí Mícheál 'na gharsún bheag. Bhí aon deabráthair amháin aige Pádraig b'ainm do agus ní raibh acht aon deirbhsúir amháin aige leis. Síle Chormaic a tugtaí uirthi. Bhí Mícheál i bhfeidhil ba do Phádruig Bhreac Ua Chongaedhlaig i mBaile Radharaí nuair a bhí sé óg. Níl puinn thuairiscí le fághail anois i dtaobh Michíl go dtí go raibh sé 'na fhear acht amháin go bhíodh sé tamall i dteanta na mbreacairí agus tamall ag siubhal timcheall díomhaoin do féin. Bhíodh sé na sclábhuidhe ansan.
Ní bhíodh de chrích go minic ar a chuid éadaig acht sean-shúgán casta ar a bhríste aige agus droch casóg nó báinín air.
D'fhág Mícheál Baile Radharaí nuair a bhí sé fiche bliadhain d'aois agus d'imthig sé siar leis do Doire Loga ar an dtaobh thuaidh de paróiste an Scibirín.(leanann ar an chéad leathanach eile)