Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 016
- XML (gan teideal)
- XML “Aitheanta Eoghain Ruaidh”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Sin é an file go...”
Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.- Bhí sagart ag tabhairt seanamóna uaidh Domhnach áirighthe. Ghlaoidh sé amach on althóir, "Bhfuil Eóghain Ruadh an féirín annsan" "Níl" arsa Eóghan "ach Eóghain Ruadh an bhéil bhinn" Bhfuil na h-aiteannta agat chómh maith arsan sagart.
Fhreagair Eoghain is dubhairt.
" An ceud aithne dhíobh is fior go n-oireann don cléir,
Chun an bhúird nuair a súidheadh ar chíos na h-Eaglaise glaodhad,
Ar bhainnis an bídh is ag ól fíonta is leana go craos,
Is ní bhíonn acu suim ar daoine ainghise an t-shaoghail".
"Stop stop" arsan sagart "déanfhaidh san" - Chuaidh Eoghain Ruadh isteach go gréasaidhe lá cun peidhre bróg do chur á dhéunamh is seo mar a dubhairt Eoghain.
"Cuir mo shál ins an áit is ramhaire don stéig
Is cuir dá mhála breághtha mine réidh,
Bíodh do shnáithín bán, lag buidhe le céir,
Is bíodh sí beárrtha, bláthmhar díonmhar saor".