Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 Nollaig 1935
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 329](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0148%2FCBE_0148_329.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 329
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)329
Tobar Oileán dheire an Domhain." Seadh, do dhin
ar maidin amáireach thug sé airgeadh dosna
h-aonne ’ca -ádhbhar airgid- ag scaoíl sé ar
siúbhal iad agus do bhí tit óil ar a’ gcrois na
cheithre rian. Seadh, fduine ’sa leis a’ mbeirt
eile dá raghaidís annso isteach g lán na gloinne
ól a dteannta chéile, go dócha ná feicfidís a
chéile go bráth arís. Seadh, dheaghadar isteach g
d’óladar braon a dteannta chéile, ag imbasa
ná raibh aon aidhm ag an mbeirt chríona ar
gáil amach gan a thuille ól. D’imthigh a’ fear
óg is d’fhág sé annsan i bhailbh sé leis," bhí
sé a’ gáilt tre choill de shiúbhal na h-oidhche
annsan a chonnaic sé solus sa choíll agus dheaghaidh
sé fé dhéin a’ t-soluis. Samal a bhí staic
de sean duine mhuar chríona annsan istig
roimis is gan aonne ’n-a theannta ach é féinig
d’fháilthigh sé roime mhac óg Rí Éire is d’fhiaf-
raigh sé dhe cá raibh a thriall. F sé gur fé
dhéin Thobar oileán dheire an Domhain a bhí sé
a’ dul fiach a bhfaigheadh sé bidhéal uisce do
leigheasfadh cos sathar. "N’fheadar-sa ca bhfuil
sé sin," f é sin, "ach tá dritháir eile agam,"(continues on next page)