Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 5)
- Dáta
- 1935–1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Píosa dhen mhuic aige bruithte 'n-a phóca,
Triúr ghá mhealla' agus ceathrar ghá phógadh,
Saigheara sheanduine, sheanduine dóighte,
Dá mbéinn-se ag a' doras, nár bheiridh mé beo ortChuir mise mo sheanduine isteach ins a' gcomhra
Ag ithe min coirce is a' sluga' min eorna,
Cheangail mé a chosa dho chincín a' chomhra,
Saigheara sheanduine, sheanduine dóighte,
Dá mbéinn ag a' doras, nár bheiridh mé beo ort." - "Cincín - an maide atá a' coinneál an chláir ar a' gcomhra".
[Máire Tam, Bean Mhic Diarmada, An Lochán Beag, Iúl 24, 1936] - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Saothruigh
"'Is maith a shaothruigheanns an druim an bolg' - tá sé cloiste agam ó shiubhail mé an tala'."
[An Lochán Beag, Iúl 23, 1936.]