Seán a de Barra
"Ar chuala tú cainnt aar Sheán a de Barra? M'anam gur chuala.
"Fear saidhbhir a bhí ann. Bhí siopa mór aige. Bhí cailín aimsire sa teach aige agus rug sé ar a' sgaball agus chuir sé air fhéin é. Nigh sé é fhéin agus ghlan sé é fhéin agus chuaidh sé a chodladh. Bhí súil aige leis a' bparty. Lá 'r n-a mhárach - daoine móra ar thug sé cuireadh dhóibh - [bhí sé póstaí.] Chuir sé sgaball a' chailín air. Fuair siad sa leabaidh é agus bhí sé thar éis bháis.
"Go mbeannuighidh Dia dhuit, a Sheáin a de Barra,
(adubhairt a' Slánuightheoir - bheireamaid buidheachas Dó.),
Níor thug tú déarca ariamh ann m'ainm,
Níor ghéill tú ariamh dho fhear an leath-trom".
"I bpócaí m'athar a bhí mo thaisge,
Ní bhfuair mé pighinn ariam le sgaipeadh.
Cuimrighe m'anam ort, a Árd-Mhaighdean (Waighdean) Mhuire,
Le m'anam a shábháil ó árd-phiantaí Ifrinn".
"Déan (díon) lon dubh (du) dhó" - (a Mhic, ar sise) -
a bhíonns i mbárr na gcranna,