Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 5)

Dáta
1935–1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0300

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0300

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nó (ná) déan bhaoileánn bhána dhó bhíonns sa bfhánán ins na gleanntaibh (v)
    Nó cuir ceathra bliadhna déag air aríst ar a' talamh
    A' slánú na gCríosdaidhe agus a' déanamh a anam."
    "A Mhuire Mhuire agus a Rí na nGrásta,
    A Árd-Rí na bhFlaitheas, nach é m'anam atá cráidhte,
    Na dubhraí dubh' a' tigheacht i mo láthair,
    An ghrian a' dhul siar agus a' féar gan tsábháil.
    Tabhair sgéal ag mo mhnaoi agus ag mo dhriotháireachaí eile clé,
    Mura leigidh siad an tomhas (tús) ar a' tomhas gearr
    Go mbéadh siad ghá íoc go crua san áithche -
    (Sin gan a bheith a' tabhairt a' tomhas ceart uatha - peacadh an tomhais - níl rud ar bith is measa ná tomhas gearr.)
    (Níl tada a' dul i dtoiseach ar an déarca).
    [Neili Mheal [[!]] Uí Lócháin, Camdhoire, D.F. 8, 1936]
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Cuartaigheacht
    "Bhí an inghean a' cainnt le buachaill. Cé thiocfhadh isteach ach a máthair, an chailleach. 'Gabh 'bhaile', ar sise leis an inghean. 'Sábháil Dé orainn', ars an bhean eile, 'cé an chiall duit an t-aos óg a spíonadh?' 'Stop do bhéal', ar sise, 'agus bíodh ciall aga
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    8 Deireadh Fómhair 1936
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir