Mar 's measa dhuit ná 'n cíos 'n bille a bhíos le n-íoc
Nuair imrigheann siad ar ghasúir 's ar mhná 's páistí.
Nár deas an luibh é i dtír, meireach é bheith daor,
Seachas gasúir a bheith a' caoineachán 's a' gártaighil,
Mar thiocfhadh sé 'n na tighe chasadh uair nó dhó sa mí,
'Gus ní chuirfheadh sin aon bhadráil ar an sglábhuidhe.
Tá eolas a'm ar nidh go cabhair-sgáil thinnis cinn,
An lá nach bhfuighfhinn aon bhraon de ní bhéinn sásta,
Ach caithfe muid dul thríd, má's fada gearr a' saoghal,
Mar níl déana' 'r bith dhá oireas'a san áit seo.
Á mbéadh an slaghdán ort le mí bhí sé 'ndon a thóigeáil díot
Ar maidin 's a chur a' tarraingt ar an sáspan
Ach an bainne chuirfheá thríd a bheith 'n-éinfheacht leis 'dul síos,
An uair sin bhainfheá an torann as do láidhe.
Tá follántas ann 's brigh gan dabht do bhean an tighe
Sa tae seo atá 'dul thart ar fud na h-áite,
An leanbh atá ar a cí' níl moill air teacht 'un cinn,
Agus shiubhalfhadh sé le taca 'n aois a ráithe.
Tá prionnsa fir sa tír, 'sé 'n chéad fhear é chuaid tríd