Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Tá "Och Och agus Och Ochón" indiaidh gach líne)
'Sé do mhíle moladh a Rí na nGrásta,
Och, Och agus Och Ochón
Abraigidh an paidir agus léighfidh mé an dán daoibh
Árdagaidh libh ionnsoir Piolaid gan spás é.
Dhíol siad ar ghibi 'sa fichead d'en airgead bán é
Árdaigaidh ionnsoir h-Eród gan grás é
Sé d'órduigh crann a ghearradh na bhuird sa gharadh
Chum siad léine síos go féar leis
Is cheangail siad iall le rópaí caola é
Sa chaoi a bhfuigheadh siad a leagadh nar bhféidir leis éirigh
Chuir siad an chroich ar a a ghualainn ghlégeal.
"Tiomanaigh rómhaibh amach ar an tsléibh é
Caithfeadh gach duine agaibh seile (i) gclár (a) éadain."
Nuair a thainic Muire i láthair annsin
"An é sin mo leanbh nó goidé rinne mo ghrádhradh
Nó an é sin mo leanbh a geineadh sa Mhárta
Nó an é sin mo leanbh bhí mé ag iomchar trí ráithe
Nó an é sin mo leanbh a rugadh sa stábla."
"Ó Fanaigidh go fóil le bhur mrághúil
Na cluinimse bean agus tá sí cráidhte
Sílim gur bhí sin féin mo mhathair
Foighid a mháthair agus tá tú cráidhte(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Máirtín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Goladoo, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nuala Ned
- Ainmneacha eile
- Nuala Ned (ainm áitiúil)
- Nuala Ní Máirtín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Corr an Chreamha, Co. Dhún na nGall