Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)

Suíomh:
Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 44

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 44

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Teineadh Dé
  2. XML Leathanach 44
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear ann uair dar bhainm Seam agus bhí mac aige dar bhainm Tomas. Bhí feirm már talamh acu agus bhí abhainn ag rith trasana i lár na páirce.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    an caisleán agus chonnaic sé athair an chailín. Dubhairt an fear le Tomas go rabh obair aige le dheanamh agus muna mbéidh sí deanta go marbhochadh seisean é. Dubhairt an fear go rabh choill aige agus go rabh an uile crann leagadh roimh an tráthnóna agus go rabh tuath aige. Chuaidh Tomas leis an tuath agus chuaidh sé go dtí an choill. Bhuail sé an crann agus ní rabh sé abalta an tuath a tabhairt leis agus bhí a lamh greamuighthe don tuath agus bhí sé annsin. Tháinig an cailín le na dhinnear agus d’iarr sí ar “Caidé tá ort. Thuit an tuath as a lamh agus nuair a bhí sé ag ithte a dhinnear chuir an cailín biorán ina cheann agus nuair a (mhuscair) l) mhuscail sé bhí na crainn uilig leagtha. Tháinig sé abhaile. Dubhairt an fear leis go rabh caisleán le cur shuas aige agus go rabh na clocha tóghtha aige. An lá na dhiaidh sin d’éirigh sé go an luath. Chuaidh sé go an áit a rabh na clocha.
    Nuair a bhí sé giota maith on talamh thuit sé. Tháinig an cailín aríst agus rinn sí an rud ceadhna agus nuair a a mhuscail sé chonnaic sé an caisleán. An tráthnóna sin d’iarr an fear ar thuighe a chúr ar an caisleán le cleiteacha agus gan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge