Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 184
- XML “Scéal fá Bhean Sí”
- XML “Scéal Eile fá Bhean Sí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Beagán laethe in-a dhiaidh sin chuaidh bean a' toighe a sheoladh eallaigh 'na chnuic agus nuair a bhí sí ag gabhail thart le bun screige chualaidh sí an chainnt istoigh sa screig. Sheas sí ar a cois agus d'eist sí. Sí an chainnt a bhi ag gabhail istoigh sa scriog: "Sniomhaigidh, sníomhaigidh, cárdáiligidh, cardáiligidh ; is beag shilfeas tón[?] gan fóghnamh gur 'Curly Brow' atá orm-sa. Bhí go maith agus ni rabh go h-olc. An lá a gheall an bhean duithe go dtiocfadh sí, isteach leíthe ar an doras agus snáth léíthe.
"Seo anois'" arsa sise, "innis domhsa cá n-ainm atá ormsa. Dubhaiart an bhean léithe gur "Curly Bow[?] " a bhí uirthí. Dfhág sí aice an snáth, d'imigh amach ar a' doras agus ní fhaca sí an darna n-amharc uirthe ní ba mhó. - Sceal eile fá Bhean Sídhe.Bhí lánamhain ann aon uair amháin agus bhí siad in-a suidhe go te. Trathnóna amháín nuair a bhí sé i n-a chlap-sholus thainig bean isteach agus d'fiafruigh sí de bhean a' toighe a' dtiocfadh léithe scála mine a thabhairt duíthe go cionn cupla lá. Dubhairt bean a' toighe go dtabharfadh agus fáilte. Thug sí duíthe an mhin agus shiubhail an bhean amach. Cupla lá i n-a dhiaidh sin i dtráthaibh an am cheadna thainig an bhean isteach arais agus an mhin léithe. "Sin graínín mhullaigh thír Ultáin agat anois," arsa an bhean. "Maise ," arsa bean a' toighe, " tá iongantas mór orm(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Seaghain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94