Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 204
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“D'éirigh mé amach ar mo ruaig go mbreathnuighinn an spéir ó thuaidh.”
AmhránD'éirigh mé amach ar mo ruaig go mbreathnuighim an spéir ó thuaidh
Thart fá na h-oileáin o thuaidh mar eilit agus cú i n-a diaidh
Nuair a chruinnigh na fir fán chuan is thainig muid anuas fá'n chéidh
'S maith aithnighin anocht gur fear thú a bhfuil an-tóir 'do dhiaidh
2.
Casadh domh fear as tír mór is ag ag imeacht gan bhróg indé
Chan dó gur tuse an fear óg a bhfuilthear sa tóir 'na dhiaidh
"Mur[?] suidhidh tú anall dó mo chomhair agus stad de do ghlór gan chéill
Rachaidh mé os coinne do shróin amach go tír mor de léim."
3
Casadh domh cailín beag óg, mar casadh sí labhair go gear
"Ar an bhaile atá tú do chomhnuidhe nó an gcoinnigheann tú an cró duit féin?"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit Nic Giolla Chearra
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Lochlainn
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann