Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 211
- XML “Scéal fá Bhunadh na gCnoc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sceal fá Bhunadh na gCnocBhí beirt fhear i n-a gcomhnuidhe i dTeileann aon uahir amháin. Bhí morán caorach aca i bhFochar Fhraoich. Bhi caora amháin caillte ag fear aca agus bhí sé i dtólamh ag iarraidh ar an fhear eile a ghabhail leis go Fochar Aodh go bhfeicead siad a' rabh sí ann. Bhi an fear eile ag rádh go rachadh acht leig sé thaire na chluasa é nó go dtí maidín Dia Domhnaigh amháin a bhí siad i n-a suidhe thart fán teinidh indiaidh éirigh. Ní rabh ceachtar aca ag an Aifreann. Arsa fear aca leis an fhear eile, "Anois an t-am againn a ghabhail go Fochar Fhraoich agus an chaora atá caillte againn a chuartughadh." "Maith go leor," arsa an fear eile, "ní féárr dúinn ar bith rud a dhéanfaimid na a ghabhail nuair atá an la maith."
D'imigh siad leobhtha. Bhí an bealach fada acht ní rabh an bheirt fhear i bhfad ag cur an bhealaigh tharstú. Nuair a shroich siad Fochar Fhraoich bhí siad tuirseach go leor. D'imigh fear aca go bhruach na n-allt a chuartughadh an chaora a bhí caillte aige. Agus d'imigh an fear eile a d'amharc uaidh. Nuair a thainig an fear a chuaidh go bruach na n-allt fhad leis an allt d'amharc sé síos go bhfeiceadh sé an ann a bhi an chaora. Acht caidé chonnaic sé acht bean is leanbh i n-a h-ucht agus í ag cíoradh a cinn. Fhobair gur thuit an fear as a sheasamh nuair a chonnaic sé seo. Agus níl ann acht gur éirigh leis an áit a rabh an fear eile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall