Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 215
- XML “Píobaire Shliabh Shliag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Píobaire Shliabh Shliag
Chuaidh fuireann as Teileann amach ad'iasgaireacht lá amháín. Bhi an lá ciúin agus d'imigh siad go Bun Glas. Nuiar a bhi siad i mBun Glas smaoitigh siad go rachadh siad go cúl Sliabh Liag. D'imigh siad leo. Nuair a bhí siad annsin chualaidh siad an ceol ba bhinne dár chualaidh siad ariamh. D'amharc siad thart fá dtaobh daobhtha agus caidé chonnaic siad ach píobaire i n-a sheasamh ar chloich agus é ag seinim ar pbiobaibh. Bhí an ceol co dheas sin is go dteachaidh duine den fhuirinn amach ar an chladach agus go dtearn sé damhsa. Nuair a thainig sé arais 'na bháid d'fiafruigh fear eile de caidé an port a bhí an píobaire gha chur suas. Dubhairt seisean gur "sin an ghaoth shéideadh an eorna." D'iomair siad 'na bhaile annsin agus níl ach go rabh siad sa bhaile nuair d'éirigh an t-an-stoirm. Dá mbhéadh an bád cupla bomaite eile ní ba mhoille bhaithfidhe an t-iomlán.- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall