Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 220
- XML “Síscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtearn mé é," arsa an ghiorrsach. "Cé d'innis duit an dóigh le sin a dhéanadh?" arsa an t-athair. "Mo mhathair," arsa sise. "Ach uile lá nuair a bhíos tusa ar siubhal bíonn sí ag tabhairt cleasannaí damhsa le tobán atá aice." " Má's mar seo atá," arsa an t-athair, "tá sé comh maith agam-sa a ghábhail abhaile."
Chuir sé a spád agus a shleán ar a ghualainn agus thainig sé na bhaile. Arsa seisean le n-a mhnaoi nuair a bhí sé tamall na shuidhe, "Caidé na cineáil cleasannaí a bhíos tusa a thaisbeaint do'n ghiorrsach sin. Chuaidh sí suas na phortaigh indiú, thug anall bád a bhí amuigh ag bun na spéire agus bhris í ar an charraig sin thios. Ach ní bhéidh mise ag fanacht ag bean phisreógach níos mó. D'fhág sé slán agus beannacht aca agus d'imigh sé leis. Ní fhacaidh an bhean nó an ghiorrsach é ní ba mhó.- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall