Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 249
- XML “Parthalón Óg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Parthalón Óg.Bhi fear i n-a chomhnuidhe i Rinn na Cille aon uair amhain agus sé an t-ainm a bhí air Parthalon Mór. Bhi droch-shláinte aige agus bhíodh sé amuigh ag siubhal an uile oidhche. Bhi sé i n-a shuidhe amuigh oidhche dheas ghealaige amháin agus le sin mhothuigh sé an callán thíos i mBeal an Bharra. Shil sé gur daoine a bhí ann ar Thraigh na gCorr. D'imigh sé síos. Nuair a bhí sé thios mhothuigh sé an callán ceadna thuas ag an "Charraigín Dubh." Nuair a chuaigh sé thuas annsin mhothuigh se an callan thuas ag "Coirín na gCat." Nuair a bhain sé "Coirín na gCat" amach bhí an callán le cluinstin ag "Bun an t-Srutháin." Suas leis go Bun an t-Sruthain agus nuair a bhí sé annsin chualaidh sé an callán ag an "Lag." Shroich sé an Lag agus bhi an callán le cluinstin thuas ar an "Oithir." Bhí fhios aige anois nach daoine saoghalta a bhí ann a rabh an callán sin aca. Thionntaigh sé ar a chois agus thug a aghaidh ar a' bhaile. Le sin rinneaddh an racht gaire ar a chúl agus arsa glór, "A Phartláin, bhain muid mealladh agat."
- Faisnéiseoir
- Brian Ó h-Eigceartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall