Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 274
- XML “Síscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Siodh Sceul
Bhí banaltra ann fad ó shoin agus ní rabh aice acht inghean amháin bhí a fear marbh agus bhí sí ina comhnuidhe i dteach bheag. Lá amháin tháinig fear go dtí an teach ar chapall deas bán. D'iarr sé ar an bhanaltra a ghabhail leis ar an gcapall. Dubhairt sise go rachadh dá ngealladh sé dlíthe go bhágadh sé arais san áit cheudna í gheall sé sin duithe.
D'imthigh siad leo agus ní dearn siad bead nó mór-chomhnuidhe go rabh siad ag bun aillte d'fhogail doras rompa agus chuaidh siad isteach. Fuair siad iad féin istigh i seomra bheag agus é lán daoine i gceann tamaill rugadh páiste domh bhanaltra ach ní rabh diúl ar bith sa mháthair ins an páiste d'iarr sí ar dhuine aca a ghabhail ar siubhail agus páiste eile a fhágail. D'imthigh seisean leis agus chuaidh isteach i dteach agus fuair páiste. Nuair a thainig sé arais leis an pháiste dubhairt sí garab í a inghan féin a fhágadh sa bhaile a bhí sa phaiste. Fágadh púca na banaltra sa bhaile arais annsin. Nuia a chuaidh an bhanaltra abhaile an oidhche sin bhí sí faoi gheasaibh. Lá thar na bhárach bhí amach i mBaile an Droichid. Shil sise ag gabhail isteach na Bhaile Doithego rabhthar ag cathadh plátaí ar a chéile bhí sead ag déanamh an aread sin tormáin. Dubhairt sí rud éigeanaint leobtha, tháinig duine thart agus ins buille san eádan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó h-Eochaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Dhún na nGall