Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 281

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 281

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 281
  3. XML “Síscéal”
  4. XML “Síscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dhíol [?] sé ofrail ach níor thug sé ainim ar bith uaidh. Nuair a bhí an t-Aifreann thart thug sé deoch do na fir a bhí ag deánadh na h-uaighe. D'fiafruigh na fir de ca toighe a rabh seisean ag tabhairt deoch daobhtha. Dubhairt seisean gurabí a chomhursa beul-dorais í. Ní fhacthas an fear beag ní ba mhó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Siodh-Sceul.
    Chuaidh fuireann as Teileann a dh'iasgaireacht lá amháin. Ag gabhail do iasgaireacht dorugaí a bhí siad. Bhí lá maith ann acht sul a rabh leath na n-dorugaí tógtha aca d'athruigh an lá. D'éirigh sé an-gheur agus fá dheireadh chonnaic siad an-fhairrge ag tarraingt ortha. Nuair a chonnaic an fear a bhí i ndeireadh an bháid seo chaith sé scian a bhí ann a láimh aige i n-aghaidh na h-urchóide. Le sin shotruigh an lá agus ní rabh moill ortha deireadh na n-dorugaí a thógail.
    Bhí cluiche comána thios ar an tráigh an Domhnach i n-a dhiaidh sin. agus bhí an fear a chaith an scian ann. Nuair a bhí an chluiche leath-thart thainig buachaill ruadh ar each bhán fhad leis agus d'fiafruigh de an rachad sé leis go cionn tamaill. Dubhairt an buachaill go rachadh. D'imthigh an bheirt aca ar an each bhán cosa i n-áirde. Chuaidh siad sios faoi'n fhairrge agus d'imthigh leo trasna go Connacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó h-Eochaidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cheapach, Co. Dhún na nGall