Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 295

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 295

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 295
  3. XML “An Capall Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Capall Draoidheachta.
    Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí gabha agus saor adhmáid ann agus bhí cliú mhór ar an t-saor adhmaid ar fud an domhain. Mar sin de bhí éad ar an ghabha leis agus bhíodh an bheirt aca i dtólamh sáithte i n-a chéile. Chualaidh an Rí fá seo agus d'iarr sé ar a chomhairleoirí an gabha agus an saor adhmaid a thabhairt ann a fhiadhnaise. Rinneadh seo. Thug an bheirt aca leobhtha sompla de na gcuid oibre le taisbeaint do'n Rí. Bhí iasg beag deánta de ór leis an ghabha agus nuair a chuirfidhe isteach i n-uisce é shnámhuigheadh sé thart mar bhéadh iasg ar bith ann. Bhí an Rí sásta go leor leis. Annsin thaisbeán an saor adhmaid caidé bhí aige-san. Bhain sé mála anuas d'á dhruim, bhain amach giotaí adhmaid as agus chuir le chéile iad. Annsin nuair a bhí sé criochnuighthe aige shilfeá gur capall beo a bhí ann. "Anois", arsa seisean, "cé rachas suas ar an chapall seo a mharcuidheacht?" "Rachaidh mise suas", arsa mac an Ríogh. Léim sé ar an chapall adhmaid agus ní luaithe a bhí sé ar a dhruim ná siud amach leis an chapall fríd an fhuinneóig agus d'fág iomlán d'á rabh istoigh ag stánughadh i n-a dhiaidh. Annsin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Anna Nic Lochlainn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall