Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 301
- XML “Poll an Tuirne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in-a chomhnuidhe i n-Lomaire Mhuirnáin (Teileann) darbh ainm dó Milí Eoghain. Dhiól sé gabhaltas talaimh le fear darbh ainm dó Tomás Sheárlais. Ach bhí laftán istoigh san aillt. Chros sé gan aon dath feír a bhaint ar an laftan nó bhí baramhail aige go rabh sé uasal. Smaoitigh Tomás nach rabh caill ar bith dó an caftaín a bhaint. Beiridh sé ar corrán lá amháin agus thúsaigh a bhaint. An chead sláin a bhain sé mho-thuigh sé tuírne ag sniómh isteigh i bpoll a bhí le n-a thaoibh. Chaith sé uaidh an sláin agus d'amharc sé thart. Ní rabh aon dath le feiceáil aige ach ag eísteacht le tormán an tuírne i gcomhnuidhe ag teache thart. Léim sé amach de'n laftán comh tuigh geur i-s thainig leis. Le sin rinneadh an racht gairidhe le na thaobh ba mhilltinighe a chualadhsé a riamh. Thógh sé muirghín mhór agus tá clann a mhic annsin go foíllacht níor leag aon fhear aca speal no corrán ar an caftán sin ó shoin. An lá sin go dtí 'n lá indiú sé an t-ainim a bheirtear ar an áit Poll an Tuírne.
- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac m Briartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall