Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 320

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 320

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 320
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-Sceul.
    Bhí bean ann uair amháin a rabh mac aice. Bhí siad an sáidhbhir. Ach bhí an mhathair ag iarraidh ar an mhac imtheacht agus bean a phósadh. D'imthigh sé leis trathnóna amháin go bhfeicead sé cá rachadh sé a iarraidh mná. Ba ghoirid a bhí sé ag siubhail an bhealaigh mhóir gur casadh an cailín dó a ba deise a chonnaic sé ariamh. D'fiafruigh sí de ca rabh sé ag gabhail. D'innis sé duíthe. "Bal", arsa sise, "na h-iarr aon bhean go fóill go n-iarrfaidh mise ort bean a phósadh. Béidh mise ag teacht chugat go minic agus ní bhéidh fhios ag duine ar bith é. Ní fheicfidh duine ar bith mé ach oiread, béidh mé agat oidhche agus lá, sin mar n-innsighidh tú do dhuine éiginteacht é Má innsigheann tú do dhuine amháin fá dtaobh díom-se béidh fhios ag ach uile dhuine eile agus tchífidh siad mé ann do chuideachta fosta."
    Thionntaigh sí ar a chois agus thug aghaidh ar a bhaile agus bhí sí leis cos le cois 'un toighe. Ní fhacaidh a mháthair í leis isteach 'un toighe. Shuidh sé isteach ionnsoir a shuipéar agus ise i n-a chuideachta ag ithe fosta acht ní fhacaidh a mháthair í ag ithe i n-a chuideachta. Chuaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seaghan Mac m Briartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall