Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá sé ráidhte má bhíonn fear i gcontabhairt báidhte go mbéídh fhios cé acu báidhfear é ná na mbéidhfear ach duine an laoi na mbuaidheann a rádh. Caithfidh an té a deirfeas í an laoi a bheith aige de ghlan mheabhair. Ma bhíonn sé abalta an laoi a rádh trí h-uaire indiaidh a chéile gan a ghabhail fríd ní bháidhfear an fear ach má theidheann sé fríd an laoi báidhfear an fear.
- Bhí lánamhain na gcomhnuidhe ar an tSliabh Ruadh fad ó shoin. Ní rabh de theaghlach acu ach aon mhac amháin agus tógadh ar an uaigneas é. Ní rabh sé ariamh amuigh i measc scaifte daoine. Lá amháin bhí sé amuigh agus chonnaic sé scaifte daoine ag gabhail thart leis an teach. Dia Domhaigh a bhí ann agus bhí siad ag gabhail 'un aifrinn. Bhí an dubh iongantas ar an ghasúr fá'n méid daoine a bhí ann ná shil sé nach rabh an oiread sin daoine ar an tsaoghal dar leis go leanfadh sé iad.
D'imthigh sé leis 'un aifrinn. nuair a thainic sé na bhealaigh mhóir bhí na daoine uilig ar shiubhal thart ach cor dhuine a bhí cosamhail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Róise Ní Dubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall