Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an bhó "go bhfuighidh tú bean a bhlighfeas mé". D'imthigh sé chuig an bhean. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars an bhean. "Bean a bhlighfeas bó, bainne bó do'n chat, cat a lighfeadh im, im i gcosa an ghadhair, gadhar a ruaigfeas fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an bhean"go bhfuighidh tú bunógaí uaidh na cailleachaí domh". D'imthigh sé chuig na cailleachaí. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars na cailleachaí. "Bunógaí uaidh na cailleachaí, do bhean a bhlighfeas bó, bainne bó do'n chat, cat a lighfeadh im, im i gcosa an ghadhair, gadhar a ruaigfeas fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú na bunógaí" arsa siad-san"go dtabharfaidh tú isteach lán na bascóide seo de uisce chugainn go nighfidh muid ar gcuid lamh". D'imthigh sé amach agus chuir sé achan chineal isteach ins an bhascóid gur chongbhuigh sí an t-uisce. Annsin nigh siad a gcuid lámh agus rinn siad na bunógaí. Annsin thug siad do Mhurchadh Mór iad. Thug Murchadh do'n bhean iad. Bhligh sí an bhó, d'ól an cat an bainne, ligh sé an t-im, cuireadh an t-im i gcosa an ghadhair...(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall