Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 29](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1065%2FCBES_1065_29.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 29
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 29
- XML “Teann, Teann a Ribe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aige thainic cat glas isteach. Bhuail sé buille ar mhac Choin Mhic a Diaraigh agus bhris sé dhá easna ann. Thug sé léim ar dhruim a bheathaigh agus lean sé an cat go dteachaidh siad go bun binne. D'fhoscail an bhinn agus chuaidh an gasúr isteach agus lean an cat é. Ní rabh duine ar bith istigh ach seanbhean mhór a bhí ag cur síos teineadh le na dhá fhiacail. "Míle fáilte romhat agus gabh aníos na teineadh" ar sise. "Imtheochaidh mo chuid eachraí" ar seisean. "Seo chugat trí ribe de mo chuid gruaige" ar sise "agus ceangal iad". Cheangail sé na h-eachraí agus chuaidh sé suad na teineadh chuid an tseanbhean. Caith an t-seanbhean beo de'n teinidh air. Chaith seisean beo eile uirthi-sin. "Cuidiú, cuidiú a bheathadhaigh" ar seisean. "Tean teann a ribe" ar sise "bain cean an chladaigh agus muirbhfidh mise an gaduidhe". Theann an ribe ar an bheathach agus bhain sé an chloigeann de. Bhuail sise buille de'n tslat draoidheacht ar an ghasúr agus rinn sí carriac cloiche de. D'imthigh an dearbhrathair eile a chuartú nuair nach rabh sé ag pilleadh agus chuaidh sé an casan céadna agus isteach sa teach céadna. Shíl an cailín gurbh é an fear céadna é a bhí aici an lá roimhe-re. Ní mó ná go dtiocfaidh aithne idir an bheirt bhí siad comh cosamhail sin le chéilee. "Cá rabh tú ó shoin?" ar sise. "An bhfuair tú greim ar an chat?" "Ba doiligh greim fhaghail air" ar seisean. D'aithin sé gur shíl sí gur an dearbhraithear a bhí ann-san. Thainic an cat isteach, bhuail le na ruball...(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Sorcha (Conall) Ní Grianna
- Ainmneacha eile
- Sorcha (Conall) Ní Grianna (ainm áitiúil)
- Sorcha Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall