Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 40
- XML “Iníon an Rí”
- XML “An Fíodóir agus a Bhean”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an fear óg go mbéadh sin doiligh a fhagháil. Scaoil sí a brollach agus thaisbeán sí pictúir na luchóige dó. Shnaidhim sé é féin innti agus innti sé a chaoineadh. THug sé leis na bhaile í agus bhí sí aige go bhfuair sí bás.Micheal Ó Baoighill (Séan)
Rann na Feirsde
Aois 43 bliadhain
Feirmeoir - ---------------------------
An Figheadóir agus a BheanBhí figheadóir ann fad ó shoin. Lá amháin bhí triúr aige ag baint mhónadh. Ar an deich a chlog chuaidh an figheadóir amach a chuideadh leo. Nuair a d'imthigh sé chuaidh an bhean a dh'obair ar an tseol a mbéadh an fear ag figheadóireacht uirthi. Bhris ar an seol agus bhí a fhios aici nach rabh duine ar bith le é innse uirthi ach an gamhain óg a bhí ceanailte thíos i gcionn an toighe. Mharbhuigh sí an gamhain agus chaith sí amach é. Nuair a thainic an figheadóir na bhaile d'innis sí dó caidé a rinn sí. Chuaidh sé a gháiridhe agus dubhairt go rabh sé ag imtheacht go bhfeicfeadh sé an rabh bean ar bith comh h-amaideach léithe.
D;imthigh sé ach chá dteachaidh sé i bhfad go bhfacaidh sé beirt bhan agus gasúr agus dréimire acu. Bhí an bhó ag na dtaoibh agus iad ag iarraidh an bhó...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nuala Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall