Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Gabha agus an Gasúr
19adh lá MártaBhí gabha i n-Éirinn fad ó shoin. Bhí sé pósta agus ní rabh aige ach mac amháin. Nuair a rugadh an mac fuair an bhean bád agus thóg an gabha an gasúr. Nuair a bhí an gasúr sé bliadhna d'aois chuir an gabha 'na scoile é agus chongbhuigh sé ar an scoil é go rabh sé sé bliadhna déag d'aois. Bhí an oiread sin léighinn ag an ghasúr is go dtuigeadh sé caidé bhí na h-éanacha ag rádh.
Lá amháin nuair a thainic an gasúr na bhaile ó'n scoil chuaidh sé síos go dtí an áit a rabh an gabha ag obair agus shuidh sé ag taoibh na teineadh. Thainic éan beag isteach agus thoisigh sé a cheol "Caidé tá an t-éan beag sin ag rádh?" arsa an gabha. "Tá" ars an gasúr "ní thig liomsa sin a innse duit". Caithfidh tú a innse domh" ars an gabha, " na muirbhfidh mé tú". "Bhál" ars an gasúr "tá sí ag rádh go dtiocfaidh mise'un oiread sin saidhbhris go fóill is go rachaidh tusa síos un tseaomra go dtabharfaidh tú aníoséadach lámh chugam-sa le mé féin a thriomadh agus tiocfaidh tú aníos ar do dhá ghlúin thárnocht". "Má's mar sin atá" ars' an gabha, "tá tú fada go leor agamsa" agus chaith sé an gasúr isteach san fhairrge.
Bhí an gasúr iongantach maith ag snámh agus shnámh sé go dtí oilean beag a bhí amuigh ins an fhairrge. Nuair a bhí sé trí lá ar an oilean, bhí bád Sasanach ag gabhail thart. Bhí gloinne ag an chaptaoin agus agus é ag amharc uaidh. Chonnaic sé an gasúr...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Searlus Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall