Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deise a chonnaic súil ariamh. Chuir sé anonn a lámh le breith uirthi ach sháruigh air. Chuaidh sé chuid an cuid eile agus d'innis sé dóbhtha goidé chonnaic sé. Chuaidh an chuid eile leis go bhfeicfeadh siad an rabh an fhírinne aige. Nuair a bhí siad san áit d'éírigh sí arais agus ní thearn sí ach a lámha a fhaisceadh agus dhóirt sí trí bucóidí meala amach ar a béal. Annsin arais rinn sí naoi léinte i mbomaite an chluig.
Nuair a chonnaic na fir seo fuair siad an tsalitín draoidheachta. Bhuail siad buille de'n tslait ar an chrann agus d'éirigh an cailín aníos comh deas agus bhí ariamh. Annsin bhuail siad na clocha agus d'éírigh aníos an triúr gasúr ba deise chonnaic siad ariamh. Annsin d'innis siad an scéal fá Chailleach na gCearch agus an bhainríoghain. Marbhadh Cailleach na gCearch annsin. D'imthigh an leas ingean agus na dearbhrathaireacha leis na fir uaisle agus bhí scoith dóigh ortha ón lá sin go dtí an lá indiu.Róise Ní Dhubhthaigh
Aoise 82 Bliadhain
Rann na Feirsde- Faisnéiseoir
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall