Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 282

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 282

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 282
  3. XML “Áitainmneacha”
  4. XML “Áitainmneacha Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An t-iomaire ban:- Baisteadh an t-ainm sin air mar go rabh sé curtha fé bhárr bliadhain amháin agus ní rabh bliadhain ar bith eile.
    An Gárradh beag:- Tá páirc mhór ann agus tá áit géarrtha amach ann cosamhal le gárradh agus sin an fáth gur baisteadh an t-ainm air.
    An Claidhe úr:- Sé an fáth gur baisteadh an t-ainm sin air mar go rabh ibhfad ó rinneadh é.
    An Bídinn:- Baisteadh an t-ainm sin uirthí mar go rabh sí mín agus gan cloch ar bith ann.
    Druim-an-Ailt:-Sé an fáth gur baisteadh an t-ainm sin air mar go rabh sé ós cionn ailt
    Páirc an t-srutháin:- Baisteadh an t-ainm uirthí mar go rabh sruthán uisce ag a bhun.
    An Píopa:- Baisteadh an t-ainm sin air mar go rabh sé ag taoibh píopa a bhí ag dul faoi an bhealach mhór.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Áit-ainmneacha eile.
    Bun-an-Aiilt, Bun-an-t-siolastraigh, na clocha bána, An Phairc láir, Páirc Eoghain, An Phairc Bheag, Thiar ag an t-sruthán, Thiar ag na fearacáin, An Ghrág mhór, An Pollán, Claidhe na h-aiteannadh, An aiteannach bheag, An seasgán, An sraith luing, Cnoc-an-leithéid.
    Bun-an-Ailt:- Sé is ciall le Bun-an-Ailt: Alt mór atá ann agus cuid mhór cloch ar gach taobh de, agus sruthán beag ag teacht anuas i n-a lár. An bun atá ann tá sé mór farrsaing agus thig le eallach inghilt ann. Sin é an fáth gur baisteadh "Bun -an -Ailt" ar sin.
    Bun-an-t-Siolastraigh:-Sin áit a bhfuil cuid mhór siolastraighe ag fás
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall