Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 239

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 239

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 239
  3. XML “Scálán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tá scálán i m.Baile na Bó, comhgarach do'n bhealach mhór. Tá sé ar thaoibh do láimhe deise de'n ród, mar bhéas duine ag dul ó'n Fhal Carrach go d-tí Dún-Fionnachaidh. An bealach mór atá comhgarach do'n Scálán anois, ní rabh sé ann i n-aimsir na géarleanmhna, ná ins an am a rabh gnáth-úsáid deánta de'n Scálán. Deirtear gur i n-am an ghorta a rinneadh an bealach mór. Tá ceárdcha san am i láthair comhgarach do'n Scalán.
    San am a rabh na daoine ag freastal an Scaláin bhi sé suidhte thíos i log comhgarach do'n Abhainn bhuidhe. Ní rabh bealach mór ar bith comhgarach aige, agus bhi sé doiligh feicheál mar d-tiocfadh duine air de thaisme, sin nó eolas beacht aige ar an áit. Bhi dóigh mhaith agus áit mhaith éalóidh as. 'Leac an Aifrionn' a bheirtear mar ainm ar an Scálán seo faoi láthair. Léigheadh Aifrionn annseo go minic fadó, agus ins an am sin bhíodh an sagart in a chomhnuidhe amuigh ag an Tearmóinn. Bhi dearmad deanta ag na daoinibh fán áit seo, go d-tí timcheall deich mbliadhna ó shoin. Nuair a chruinnigh an t-Athair Art Ua Frighil S.C muintir na comhursanachta cupla lá le claidhe a chur thart ar an áit, le clocha a chruinniughadh agus chuir sé geabhtha ar thaoibh an bhealaigh mhóir leis na daoinibh a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    an tAthair Ua Frigil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 56
    Gairm bheatha
    Sagart (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)