Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 007
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)assical atá ann."
- Bhí am amháin i bhFanad agus nuair a bheadh an sagart ar thuras fríd na bailte bheadh sgian agus gabhlóg leis in a phóca fá choinne feoil a ithe ins an teach a mbeadh sé ar thuras ann. Bhí sé i dteach uair amháin agus chuaidh fear chun faoiside aige. Chuir an fear a lámh i bpóca an t-sagairt i gan fhios do agus chuir sé an sgian agus an ghabhlóg in a phóca féin. Nuair a bhí an faoiside déanta ag an fhear smaointigh sé go deárn sé droch chleas. Dubhairt an fear leis an t-sagart, "Ghoid mé sgian agus gabhlóg. Seo dhuit-se iad," arsan fear. "Tabhair do'n té ar ghoid tú uaidh iad," arsan sagart. "Thairg mé do iad agus níor ghlac sé iad," arsan fear. "Coinnigh fhéin iad," arsan sagart.
- Bhí fear darb ainm Paidí Shearlaí ann uair amháin agus bhí sé rud beag ar seachrán. Bhí sé ag obair i gcuibhreann lá amháin agus bhí an cuibhreann lán carraigeacha. Tháinig an(leanann ar an chéad leathanach eile)