Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 013

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 013

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 013
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar a druim bhéadh droch aimsear ag teacht. Nuair a bhíonn lonnradh mór ar na realtógaí sin comhartha siocáin. Nuair a bhíonn dath ar na realtaógaí agus gan iad ag lonnradh sin comhartha droich aimsire.
    Nuair a shéideann an ghaoth aniar andheas tig droch aimsear léithe. Tig neart fearthainne leithe nuair a shéideann sí anoir a dtuaidh tig aimsear chruaidh fhuar agus neart siocáin leithe.
    Nuair a sheidheann an cat agus a druim leis an teinidh agus nuair a bhíos tormán i bpuiteógaí an madaidh tá droch aimsear le theacht. Nuair a thoisigheann an cat ag sgríobhadh na cathaoireach deir cuid de na daoine go bhfuil sé ag tarraingt ar dhroch aimsear. Nuair a théigheann an dreoilín suas ar bhárr na gcrann ins a tráthnóna tá droch aimsear le theacht. Nuair a bhíonn an lon-dubh ag ceol ins an tráthnóna sin comhartha droich aimsire. Nuair a bhíonn an lon-dubh ar an t-sráid ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cheallachain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall