Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 034](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1090%2FCBES_1090_034.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 034
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 034
- XML “Áit a Raibh ar Thinidh”
- XML “Báthadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad in a gcomhnaidhe ann.
- Bhí beirt ghasúir na gcomhnaidhe i gCeann-a-Locha tamall fada ó shoin. Lá amháín bhí siad shíos ag an loch agus chonnaic siad currach na luighe cois an locha. Sean-churrach a bhí ann agus dubhairt siad go racadh siad amach go dtí an t-oilean go bhfeicfeadh siad na neadracha a bhí deánta ag na faoileógaí. Chuaidh siad amach ar an churrach agus nuair a fuair siad fhad leis an oileán tharraing siad an currach isteach go talamh. Nuair a bhí siad a dtarraingt isteach chuir siad poll ann ar charraig. Bhí siad amuigh annsin agus ní rabh siad ábalta fágháil isteach arais. Bhí athair cheann de na gasúirí ag teacht na bhaile ó'n tráigh agus chonnaic sé na gasúirí. Dubhairt sé leis na daoine a bhí leis go rabh sé fliuch agus go rachadh sé amach fá choinne na ngasúr. Bhí sé ábalta snámh a dheanamh go maith agus shnámh sé amach go dtí an t-oilean. Nuair a chuaidh sé amach go dtí an t-oileán dubhairt sé go dtabhairfeadh sé a ghasú féin isteach i dtoiseach. Annsin chuir sé a ghasúr féín ar a dhruim agus nuair a bhí siad amach giota beag shíl(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighread Ní Dhubhghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuaim, Co. Dhún na nGall