Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 042

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 042

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 042
  3. XML “Seancheirdeanna”
  4. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    deánamh bascaidí aca. Gheibheadh siad sgilling ar gach bascaid. Slata-raileóige an t-ainm atá ar na slata a gheibheadh siad. Chaiteadh siad na slata áit éiginteacht go mbíodh siad cruiadh agus annsin gnidheadh siad na bascaidí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ní thig le duine ar bith posadh ins an Corgas anois acht ins an t-sean am ba chuma leis na daoine caidé'n am de'n bhliadhain a phosadh siad. Nuair a bhéadh siad ag dul a phosadh thiocfadh an fear go toigh na mná le fiafrughadh d'a h-athair agus d'a máthair an dtabhairfead siad do í. Bhéadh buideál uisge beatha leis agus dá dtabhaireadh siad isteach, bhéirfeadh sé do'n athair é. Ba ghnáthach leis na daoine da mbéadh siad saidhbhir cuid da gcuid airgid a thabhairt do'n lanamhain. Ins an tsean-am phostaí cuid de na daoine in a gcuid toighthe féin acht níl cuimhne an na sean daoine anois ar duine ar bith a phosadh mar sin. Tá a lán pisreógaí ag baint leis na laethe a phosann na daoine. Deirtí dá bposadh duine Dia Luain go mbéadh slainte mhaith aige. Deirtí da bposadh duine Dia Máirt go mbéadh saidhbhreas aige. Deirtí gurb é an Ceadaoin a lá a b'fhearr le posadh. Deirtí dá posadh duine Dar Daoin go mbéadh droch ádh air i rith a shaoghail. Dá bposadh duine Dia h-Aoine go gcaillfeadh sé gach rud. Deirtí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cheallachain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall