Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 049
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
- XML “Seanscoil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhéadh siad ag léigheadh an aifrinn amuigh ins na coillte d'fhanfadh siad i bhfolach ins na sléibhte agus ins na coillte ar eagla go dtiocfadh na saighdiúirí ortha. Tá áit i Lorgnaclochan agus tá carraig mhór ina seasamh ar an taobh amháin dé'n pháirc agus deirtear gur ghnáthach leis na sagairt an t-Aifreann a léigheadh ag an charraig sin. Bhéadh na sagairt i bhfolach ins an chnoc in aice na h-áite seo. Duine ar bith a d'innsigheadh do na saighdiúirí ca rabh sagart ar bith i bhfolach bheirfeadh na saighdiúirí cúig phunt do ach níor ghnátach leis na daoine innse do na saighdiúirí cá h-áit a bhéadh na sagairt i bhfolach.
- Bhí sgoil san áit a bhfuil teach Eamuinn Uí i gCeann-a-Locha anois. Anna Bhán an t-ainm a bhí ar an bhean a bhí ag teagasg ann. Bhíodh sí ag teasaig Teasaig Críostaidhe. Gheobhadh sí dhá phighinn ó gach pháiste sa t-seachtmhain. Ní fhanadh sí san sgoil amháin i gcomhnuidhe. I nGaedhilg a bhí sí ag teagasg an Teagasg Críostaidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)