Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 052
- XML “Pósadh”
- XML “Pósadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag cogarnaigh leo sa tséípeal ag socrughadh an chleamhnais.Ba gnáth nuair a bhéadh an bhean ag fágáil go dtabhairfeadh an t-áthar agus an mháthair rud éíginteacht dithe. Da mbéadh dóigh mhaith ortha bheireadh siad airgead dithe. Ach ba é an gnáth rud a gheobhadh sí na prios, túirne, bó bainne, agus b'fheidir calpa óg.Bá ghnáth corr uair gur an buachaill agus an cailín a sochróchadh an pósadh i nganfios dó aon duine. D'éalóchadh siad ar shiubhal chuig an mhargaidh i Ros-na-Cille roimh an Chorghas agus phósadh an sagart iad annsin. Pádraig Ó Cheallachain, Baile-Láir
- Roimhe seo ba ghnáthach leis na daoine posadh ins an oidhce. Nuair a bhéadh beirt ag dul a fhágháíl posta ní innseochadh siad innseochadh siad ins an teach go dtí an oidhche roimh an oidhche a bhéadh siad ag dul a fhághail posta.An oidhche a gheobhadh siad posta bheireadh an cailín(leanann ar an chéad leathanach eile)