Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 055
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag fear darbh ainm Pad Racán ar Árd na Ceardhcan.Tháinig fear mór ábalta isteach ar bhád go h-Arathiara. Shiubhail sé leis agus casadh Albanach air ag Sgoilt an Albanaigh agus mharbhuigh sé é. Casadh madadh fiachain air ar Chnoc an Mhadaidh agus steáll sé an ceann de. Chuaidh sé go Cruachan annsin agus phill sé anuas bealach Cheann Droma ar a bhealach dó casadh fear de chlann Amhlann air agus mharbhuigh sé é agus chaith isteach sa t-sruthán é. Baisteadh sruthán an Amhlainn air go dtí an lá indiu. Casadh cócaire air ag Cúl Baic agus mharbhuigh sé é agus baisteadh Muileann an Chócaire air ó sin amach. Áit eile Eadar-Dhá-Bhinn, lág atá ann, agus binn ar gach taoibh de. Áit eile Poll na Leitheán. Laig is eadh letih agus tá poll ins an áit seo agus bíonn cuid mhór leit an i gcomhnuidhe. Port a' Charnán áit eile tá port nó báigh annseo agus tá cuid mhór clocha ann.
- Bailitheoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall