Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 083
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seanchaidhe go raibh iolar allta i bhFanaid ins an tsean am agus bhí nead aige ar Bheinn a' Bhéil Mhóir ar bhruach Loch Súilighe. Ní'l cunntas ar bith le tamall go bhfuil ainmhidhthe allta i n-Éirinn mar tá i dtíortha coimhightheacha eile.Bhí madadh ruadh agus gabhar ag siubhal i gcuideachta lá te samhraidh. Bhí tart mhór ortha agus ní rabh a'n deor uisge le fágháil aca. Thainig siad fhad le poll mór cruinn agus bhí uisge sios ar thóin an phuill. Léim siad araon shíos ins an pholl le deoch a fhágháíl. Nuair a bhí a sáith ólta aca ní rabh fhios aca caidé'n dóigh a gheobhadh siad aníos. Dubhairt an madadh ruadh leis an ghabhar a dhá chois tosaigh a chur suas ar taobh an bhruaich agus go rachadh seisean suas ar a dhruim agus go léimfeadh sé amach ar an bhruach agus gur bh'furust do san an gabhar a tharaingt amach ar ghreim dhá adharc. Rinne an gabhar bocht mar d'iarr an madadh ruadh air. Nuair a fuair an madadh ruadh amach ar an bhruach dubhairt an ghabhar leis "Anois tabhair damh an cuideadh a gheall tú damh" "Ó amadáín," a dubhairt an madadh ruadh "Dá mbeithea leath cómh críonna a's tá féasóg ort ní rachfa asteach i bpoll go mbéadh fhios agat caidé'n dóigh a gheobhfa amach arais." Shiubhal an madadh ruadh leis agus d'fhág sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cúl an Doire, Co. Dhún na nGall