Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 085
- XML “Ainmhithe Allta”
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Seo na cinn is coitcheannta. Madadh ruadh, Broc, Coinín, madadh-uisge, giarrfhiadh, gráínneóg-fhéír. Fuair Micheál Ó Ceallachain madadh ruadh na luighe suas san chnoc agus shíl sé go rabh sé marbh, agus thug se leis é. Nuair a bhí sé ag teacht comhagarach dó'n teach bhain sé greim as, agus leig sé amach é. Thug an madadh ruadh ceann de na géacha leis agus chuaidh sé arais go dí an cnoc. Da mbéadh dealg in do mhéir agus teanga madaidh ruaidh a chur air roimhe cupla lá thiocfadh an dealg amach. Bhí fear amuigh lá amháin agus bhí madadh agus gunna leis. Tháinig sé air pholl agus bhí an giarrfhiadh na lugihe ins an pholl. Léím an madadh air agus shíl an fear go rabh sé marbh, agus d'fhág sé na luighe annsin é agus léím an giarrfhiadh ar shiubhal.(leanann ar an chéad leathanach eile)