Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 090](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1090%2FCBES_1090_090.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 090
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 090
- XML “Leighiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Créachta - Caor aitinne a bhruith agus an subh a ól.Fiabhras - Bhí bean ins an Bhaile-Úr agus bá gnáthach leithí Fiabhras Croidhe a leigheas. Bhí cupa min choirce aici agus bhí giota de shreangan aici. Ghnidheadh sí rud éiginteacht leis an mhin agus deireadh sí cúpla focla agus annsin gheibheadh an duine biseach.Teine Aghaidhe - Thiocfadh le duine teine aghaidhe a leigheas mar seo. Da mba é an sloinneadh amháin an t-athair agus an mháhair sul a bpósfaidhe iad thiocfadh le na mac a ainm a sgríobhadh roimh an tine aghaidhe agus chuireadh sin biseach air. Da gcuimleóchadh duine spideóg ar an teine aghaidhe geibheadh sé biseach.Faithne - Gheibheadh duine biseach ar fhaithne da sgríobhadh sé a ainm ar giota de pháípéir agus cuid de fhuil an fhaithne a chur ar an páipéar; gheibeadh sé fhéín biseach annsin dá gcaitheadh sé an páípéár ar shiubhal. Sleamhnán - Naoi ngiotaí de thom gróiseóíge a bhaint. Bárr an chead ochtar a chur ar an t-sleamhnán agus an cheann eile a chaitheadh ar shiubhal.Neascoidí - Sopa agus siuchra, bagún, Arán geal a chur in uisge te agus an t-arán a chur síos ar na neascoidí.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Bheaglaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall