Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 108
- XML “An Drochshaol”
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a dhíoghbhail bidh agus bhí seo cionntach le níos mó bastaí. Ins an deireadh nuair a bhí an chuid is mó de na daoine marbh thóisigh an Riaghaltas ag tabhairt mine agus obair do na daoine. Bhí siad ag deánamh bealtacha móra fríd na cnuic agus ag déanamh díogacha. Ní rabh mórán maith ins an obair seo mar bhí na daoine lág indiaidh na gorta.
- Roimhe seo nuair a bíod teaghlach na shuidhe thart fá'n teine bhíodh cluichí aca darbh ainm "An Chos Luath." Sé an dóigh a n-imireadh na daoine é, shíneadh achan duine amach a dhá chois agus gheobhadh duine de'n teaghlach bata agus chuirfeadh sé ainmneacha ar na cosa ag toiseacht leLurapóg larapóg
Bíodh an leomhain,
Leomhan an phreabáin
Preabán súla
Súla Séic
Séic na míola (míle)
Sean chos luath
Luath laic(leanann ar an chéad leathanach eile)