Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 113
- XML “Bóithre”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i gcóir ainmhidhthe agus bhí sé suidhte ar árd agus sin an tuige ar baisteadh Árd a' Punta air. Tá loch ins an áit seo agus tá sé ar thaoibh an bhealaigh mhóir agus tá lag mór ins an bhealach agus sin an tuige ar tugadh Lag a' Loch ar an áit.
Tá Tón a' Chró ina shean chasán; tá sé ag gabhail amach go dtí an cnoc. Tá cuid mhór sean chasáin eile mar:-Casán Chnoc na bFeadóg amuigh ar Chnoc na bhFeadóg, casán Port Thromaigh ag gabhail síos go Port Thromaigh casán an Dúin Bhig ag gabhail amach an Dún Beag go Ros na Cille, casán Lag a Gheabhráin ag gabhail fríd an Rinne Buidhe agus a lán eile. Sé an tuige ar tugadh casán Lag a' Geabhráin ar na nuair a bhí adhmad ag teacht isteach leis an fhairrge thigeadh cuid mhór isteach ins an áit seo agus dá mbéadh geabhráin ar d'iomchuireóchadh siad fhad leis an lag seo é agus bhainfeadh siad na geabhráin de.In aimsear an droich shaoghail rinneadh bealtacha móra thart fá'n áit seo le cuideadh a thabhairt do na daoine. Rinneadh casán an t-Seannaigh in aimsear an droich shaoghail. Rinneadh casán ins an Dumhaigh Bhig ar a dtugtar an "Broad Road" air ins an bliadhain 1847. Ní raibh ach deigh bpighne san lá acu agus chaithfeadh siad a gcuid bidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Dhubhghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuaim, Co. Dhún na nGall