Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 130
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ma's olc maol is measa mullach
Tá níos mó pósta na tá carraigh fhuara aca
Bean gan leanh, bean gan leithscéil
Fear gan píopa, fear gan sgíthiste
Is deire cabhair Dia na maide an dorais
Ní'l fhios ag an duine seo cá h-áit a dteannann an bhróg ar an duine eileBaineann an coimhead an ceann de'n tubaiste
Má's deas duit do chóta is deise duit do léine
Mar thiocfas lá tiocfaidh comhairle
Mar tiocfas mná an bhaile tiocfaidh Nuala
Tuighe na h-aithce cur ar an mhuileann
Geárr án gad is deise de'n mhuineal
Port ar bith le stoirm
Ólfaidh tú romham
Is maith le fear na breathan sac a fhágháil
Is maith sgéal go dtarraidh ceann eile
Ballaí fhuara a ghnídh bean toighe suarach
Is fearr ballaí fhuara na droch thionantaidhthe
Fear na bó 'san eabar
Tapadh na mná ar charraig
Báisteann an sagart a thachrán fhéin i dtoiseach
Ag caitheamh uisge ar luchóig bháithte
Bhí rud agat fhéin, sin na bí folamh
Síleann gach mathair gur ar a mac féín a éirgheas an ghrian
Ní achán lá a mharbhóchar Mánus Bólóg
Geall leithi fhéin a ghnídh an cat crónán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Siadhail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall