Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 132
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is críonna an té a choimheadas é féin
Rud nach bhfuil ann is deacar a bhaint as
Níl fhios ag leath an t-saoghail caidé mar tá an leath eile beo
Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcomhnuidhe é
Is furast capall a thabhairt chuig an tobar ach is deacar thabhairt air deoch a ólIs deise cabhair Dé duinn na maidí an dorais
Caithfidh an bhás a chuid féin a fhágháil
An té nach n-ólann ach uisge ní bhíonn sé ar meisghe
Gáire maith is codhladh fada sé an dá leigheas is feárr i leabhar an doctúraLuigh leis an chirc agus éirigh leis an choileach
Sé do phóca do cara. Níl sé beag deas nó mór grándha
Ballaí fuara a gnídheas bean toighe shuarach
Chan lá na gaoithe lá na sgolb
An té a chodhlas i bhfad fuarfaidh a bhreicfeasta air
Bheirfidh do shrón fhéin comhairle ort go fóill
Má tá long is lón agat gheobhaidh tú cóir i n-am inteacht
Is fearr cáirde 'san chúirt nach - buns san sparán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Domhnall Ó Colla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Pollaid, Co. Dhún na nGall